Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 15:24

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn]

Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim.

Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne a shinsir. Níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí