Sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Zimrí i gcoróin ar Iosrael i dTirzeá, ar feadh seacht lá. Bhí an pobal i longfort os comhair Ghibeatón, cathair leis na Filistínigh.
Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh.
Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom; cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle. Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir, agus dá dheasca sin scriosfar iad.