Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”
An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Ach ní éisteodh Amaiziá agus ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá.
Nuair a d'fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh.