Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 14:21

An Bíobla Naofa 1981

Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví lena shinsir.

Eisean a d'atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.

Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá.

Thánig Sealúm mac Iáibéis i gcoróin sa naoú bliain tríochad de réimeas Uizíá rí Iúdá agus bhí sé mí i gcoróin sa tSamáir.

Ach mharaigh muintir na tuaithe gach duine a rinne comhcheilg in aghaidh an rí Ámón, agus d'fhógair siad Ióisíá a mhac ina rí ina dhiaidh.

Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan,

Thogh muintir Iúdá go léir Uiziá agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí