Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 14:20

An Bíobla Naofa 1981

Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví lena shinsir.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.

Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.

Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá.

Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.

Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.

Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí.

Thug a shearbhóntaí i gcarbad é go Iarúsailéim agus chuireadar ina thuama lena shinsir é i nDúnfort Dháiví.

Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D'imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.

Ansin chuaigh Uiziá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i reilig na ríthe, mar dúradar: “Is lobhar é.” Tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.

Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus d'adhlacadar ina phálás é, agus tháinig a mhac Ámón i gcoróin ina áit.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí