Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael.
Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.
Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air.
An chuid eile de stair Amaiziá, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.
Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá.