2 Ríthe 14:13An Bíobla Naofa 1981Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad. Féach an chaibidil |
Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.