Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 14:11

An Bíobla Naofa 1981

Ach ní éisteodh Amaiziá agus ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin d'fhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm.

Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá;

Íreon, Migdeál Éil, Horaem, Béit Anát, Beit Seimis - naoi gcathair déag lena sráidbhailte.

Aín lena thalamh féaraigh, Iutá lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh - naoi gcathracha de chuid an dá threibh sin.

Níor thug rí na nAmónach aon aird ar an teachtaireacht a chuir Iaftá chuige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí