2 Ríthe 14:10An Bíobla Naofa 1981Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?” Féach an chaibidil |
Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin.