An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a throid sé le hAmaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Bhí sé cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadaín ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.
Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.