Rinne sé aithris chruinn ar Iarobám mac Nabát agus ar na peacaí inar threoraigh sé Iosrael, ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.
Chuir Acháb cuaille naofa ina sheasamh chomh maith, agus rinne sé coireanna eile ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, thar mar a rinne ríthe uile Iosrael a ghabh roimhe.
Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.
Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.
Thug an rí ordú don ardsagart Hilcíá, [don leasardsagart], agus do ghardaí na tairsí, na soithí a rinneadh do Bhál, d'Aiséará agus do shluaite uile na spéire a chur amach as Teampall an Tiarna; agus dhóigh sé iad lasmuigh de Iarúsailéim i ngoirt an Chidreon, agus thug a luaithreach go Béitéil.
Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n‑altóirí, agus brisigí a n‑íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n‑íola snoite.