“Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”
Ansin chuaigh sé suas ar an leaba agus shín é fein ar an leanbh béal le béal, súile le súile, lámha le lámha. Le linn dó a bheith sínte air, tháinig teas i gcorp an linbh.