An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.