Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh.
Uime sin chuir Ióáis fios ar Iahóideá agus ar na sagairt eile. “Cén fáth nach bhfuil an Teampall á dheisiú agaibh?” d'fhiafraigh sé. “Ná tógaigí a thuilleadh airgid dá bhrí sin ó bhur lucht aitheantais ach é a thabhairt suas ar son deisiú an Teampaill.”
Dúirt Ióáb: “Go gcuire an Tiarna an rath faoi chéad ar do phobal! Nach seirbhísigh le mo thiarna iad go léir, a thiarna, mo rí? Cén fáth a ndéanfadh mo thiarna an fiosrú seo? Cén fáth a dtabharfaí ciontacht ar Iosrael?”
Sa seachtú bliain tháinig misneach do Iahóideá agus chuir sé fios ar na ceannairí céad, Azairiá mac Iarochám, Ismeáéil mac Iahóchánán, Azairiá mac Obaed, Másaeiá mac Adáiá agus Eilíseáfát mac Zicrí agus rinne conradh leo.