Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 12:20

An Bíobla Naofa 1981

An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.

Seo mar a rinne sé an cheannairc: Bhí Solamh ag tógáil an Mhileo agus ag iamh na bearnan i nDúnfort Dháiví, a athair.

An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.

Nuair a bhí greim daingean aige ar an ríocht, chuir sé chun báis na hoifigigh úd a mharaigh a athair, an rí.

Rinne oifigigh Ámón comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh é ina phálás.

An chuid eile de stair Iahórám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Ón uair a d'iompaigh Amaiziá ón Tiarna, bhí comhcheilg ar siúl ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís, ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.

Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh siad é ina theach.

Chruinnigh ceannairí uile Sheicim agus Bhéit Mileo i gceann a chéile agus cheapadar Aibímeilic ina rí taobh le dair an cholúin i Seicim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí