Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta.
Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.”