2 Ríthe 12:10An Bíobla Naofa 1981Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t‑airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann. Féach an chaibidil |
Nuair a thugadh na Léivítigh an cófra go dtí oifigigh riartha an rí, agus go bhfeicidís go raibh a lán airgid ann, thagadh rúnaí an rí agus ionadaí an ardsagairt agus d'fholmhaídís an cófra agus bheiridís leo é agus chuiridís ar ais ina áit féin é. Rinne siad amhlaidh lá i ndiaidh an lae agus chruinníodar suim mhór airgid.