Thug sé an t‑ordú seo dóibh: “Seo mar atá le déanamh agaibh: téadh trian díbh, an mhuintir a bheidh gan dualgas ar an tsabóid, ar garda ar phálás an rí
agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.”
Ná téadh aon duine isteach i dTeampall an Tiarna ach na sagairt agus na Léivítigh ar dualgas, mar tá siad coisricthe agus tá cead dul isteach acu. Ní mór don phobal aitheanta uile an Tiarna a choimeád.