2 Ríthe 11:17An Bíobla Naofa 1981Rinne Iahóideá conradh idir an Tiarna agus an rí agus an pobal, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna; idir an rí agus an pobal mar an gcéanna. Féach an chaibidil |
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
Sheas an rí ina ionad féin agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, agus briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin a chur i gcrích.