Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 11:11

An Bíobla Naofa 1981

Bhí na gardaí ina seasamh, agus arm i láimh gach duine acu, ó choirnéal theas an Teampaill go dtí an coirnéal thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ghléas an sagart na ceannfoirt le gathanna agus le sciatha an rí Dáiví a bhí i dTeampall an Tiarna.

Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”

agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.”

Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha uaidh amach.

Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála

Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.

Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”

chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí