Bhí na gardaí ina seasamh, agus arm i láimh gach duine acu, ó choirnéal theas an Teampaill go dtí an coirnéal thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.
Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé.
“Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”