Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 10:9

An Bíobla Naofa 1981

Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: “Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis?

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Scríobh sé litir eile chucu á rá: “Má tá sibh liom, agus má tá sibh sásta mo réir a dhéanamh, tugaigí libh cinn chlann mhac bhur máistir agus tagaigí chugamsa anseo in Izréil um an dtaca seo amárach.” (Bhí deichniúr mac agus trí fichid leis an rí á n‑oiliúint ansiúd ag taoisigh na cathrach.)

Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: “Thugadar leo,” ar sé, “cinn chlann mhac an rí.” “Fág ina dhá gcarn iad,” ar seisean, “ag an mbealach chun an gheata go maidin.”

Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá.

Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá, tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom.

“Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.

Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí