Bhí Iéahú ocht mbliana fichead i réim ar Iosrael sa tSamáir.
Ansin chuaigh Iéahú chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa tSamáir; tháinig a mhac Iahóácház i gcomharbacht air.
Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.