Ansin chuaigh muintir na tuaithe go léir go teampall Bhál agus scrios siad é; rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí. Agus chuir an sagart fir faire ar garda ar Theampall an Tiarna.
Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach.
Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.
Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n‑altóirí, agus brisigí a n‑íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n‑íola snoite.