Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 10:23

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh Iéahú ansin isteach i dteampall Bhál le Iahónádáb mac Raecáb agus dúirt le lucht adhartha Bhál: “Cuardaigí agus déanaigí deimhin de nach bhfuil aon searbhónta leis an Tiarna anseo in bhur measc, ach lucht adhartha Bhál amháin.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;

Ansin dúirt Iéahú le coimeádaí na n‑éidí: “Tabhair amach na héidí do lucht adhartha Bhál go léir,” agus thug sé amach na héidí dóibh.

Ansin ghabh [sé] isteach le hofrálacha agus íobairtí loiscthe a ofráil. Bhí ceithre fichid fear curtha lasmuigh ag Iéahú á rá leo: “An té a ligfidh d'aon duine den mhuintir a thabharfaidh mé in bhur lámha éalú, díolfaidh sé as lena anam.”

Dúirt siadsan: “Ní ólaimidne fíon, óir d'ordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: ‘Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách.

Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”

Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí