“Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh,
toghaigí an té is fearr agus is cumasaí de chlann mhac bhur máistir, agus cuirigí i ríchathaoir a athar é, agus troidigí ar son ríshliocht bhur máistir.”
Thug sé an litir chun rí Iosrael. Dúradh inti: “Nuair a gheobhaidh tú an litir seo, bíodh a fhios agat gur chuir mé Námán, mo shearbhónta, ag triall ort, chun go leigheasfá ón lobhra é.”