Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 10:19

An Bíobla Naofa 1981

Glaoigí chugam dá bhrí sin ar fháithe Bhál ar a mhóidíní go léir, agus ar a shagairt; ná bíodh aon duine in easnamh mar tá íobairt mhór le hofráil agam do Bhál. Má bhíonn aon duine ar iarraidh, caillfidh sé a anam dá bharr.” Cleas ab ea é seo ag Iéahú le móidíní Bhál a scrios.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”

Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

Ansin chruinnigh Iéahú an pobal go léir agus dúirt: “Rinne Acháb beagán seirbhíse do Bhál, ach déanfaidh Iéahú mórán.

Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.”

An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach, Agus bréag a insint ar a shon.

An té a thugann bladar dá chomharsa, leathann sé líon faoina chosa.

Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.

Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.

Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí