2 Ríthe 10:14An Bíobla Naofa 1981“Gabhaigí ina mbeatha iad,” ar sé. Agus ghabhadar ina mbeatha iad agus chuir sé chun báis iad ag an umar ag Béit Éicid, beirt agus daichead díobh, gan fear inste scéil a fhágáil. Féach an chaibidil |
D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.