Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 1:6

An Bíobla Naofa 1981

“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ar an tslí d'Obaidiá, b'sheo chuige ina choinne Éilias: d'aithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: “Nach tú, a thiarna, Éilias?”

D'fhill na teachtairí ar an rí, agus dúirt sé leo: “Cén fáth ar tháinig sibh ar ais?”

“An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,” ar sé leo, “cén sórt duine é?”

An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhia tiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu. Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chor ná ní chluinfear a n‑ainmneacha go brách ar mo bheola.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí