Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 1:17

An Bíobla Naofa 1981

Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.

Níodar an carbad ag Linn na Samáire; mar a níodh na striapacha iad féin, agus ligh na madraí a chuid fola de réir an bhriathair a labhair an Tiarna.

Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair.

Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.

An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

Nuair a chuaigh sé isteach sa tSamáir chuir sé chun báis ar fhan beo de shliocht Acháb sa tSamáir; scrios sé iad de réir mar a dúirt an Tiarna le hÉilias a tharlódh.

Tháinig Iahórám mac Acháb i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir san ochtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát, rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain déag i réim.

Thángadar ar ais dá bhrí sin leis an scéala sin go Iéahú, agus dúirt sé: “Sin é briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé ó bhéal Éilias an Tisbíoch: ‘Íosfaidh na madraí feoil Ízeibil i gcríocha Izréil.

Tháinig Iahóiseáfát a mhac i gcomharbacht air agus dhaingnigh sé a cheannas ar Iosrael.

Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí