Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 1:14

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig tine anuas ó neamh agus scrios sí an bheirt cheannaire caogad eile lena gcaogaidí; ach bíodh luach éigin ar m'anamsa i do shúile.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d'impigh air á rá: “A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m'anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo.

Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: “Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.” D'éirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta,

Is luachmhar i láthair an Tiarna bás a fhíréan.

Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt ná éiric a anama a dhíol le Dia;

Saorfaidh sé a n‑anam ón bhfeall is ón bhforéigean; óir is luachmhar leis a bhfuil.

Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin, ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.

Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”

D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”

Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí