D'fhreagair Éilias iad: “Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear “Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.
Chuir an rí ceannaire eile caogad lena chaoga fear chuige, agus ghabh seisean suas chomh maith agus dúirt leis: “A ghiolla Dé, seo é ordú an rí: ‘Tar anuas gan mhoill.’ ”
Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d'impigh air á rá: “A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m'anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo.
Le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Thit tine le Dia ó neamh agus dhóigh an tréad agus na seirbhísigh, á loscadh go hiomlán; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”