Déanann siad dearmad d'aon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé;
Dúirt Dia: “Bíodh firmimint i lár na n‑uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.”
Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.
Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.
Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir.
Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?
Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;
Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.
Trí chreideamh tuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid.