Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Peadar 3:2

An Bíobla Naofa 1981

go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n‑aspail.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháidh anallód -

Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.

Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”

Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”

Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.

Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt.

Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a d'fhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó.

Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost.

Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.

Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe.

an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost.

Óir b'fhearr dóibhsean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh.

Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó,

agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.

Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide.

Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost;

Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí