Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Peadar 3:14

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Má deirtear libh, mar sin: ‘Siúd san fhásach é!’ ná téigí amach, nó ‘Seo sna seomraí cúil é,’ ná creidigí é.

D'éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí.

Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.

“Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir d'fhocail, faoi shíocháin,

Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.

Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.

sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost

agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne

Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost.

Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.

Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.

an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost.

Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.

d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.

Sí seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon á múscailt agam ionaibh le rabhadh

agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.

Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí