Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;
Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.
Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.
De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.
Bí i do shuí dá bhrí sin go moch ar maidin, thú féin agus searbhóntaí do thiarna a tháinig in éineacht leat. Bígí in bhur suí go moch ar maidin agus nuair a bheidh sé geal go leor, buailigí bóthar.”