Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Peadar 2:20

An Bíobla Naofa 1981

Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n‑aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Má deirim leis an bhfíréan go mairfidh sé cinnte, agus má dhéanann sé talamh slán dá fhíréantacht agus go bpeacaíonn, ní chuimhneofar ar aon phioc dá fhíréantacht, ach éagfaidh sé sa pheaca a rinne sé.

Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má dhealraíonn sé a bheith dulta sa bheo agus an fionnadh ag liathadh, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; is lobhra í a bhris mar neascóid.

déanadh an sagart an rud loite a iniúchadh tar éis a nite. Mura ndeachaigh aon athrú ar dhath an bhaill loite, fág nár leath an galar, tá sé neamhghlan; dóigh é sa tine; tá an galar go feirc ann, cibé acu istigh nó amuigh an lot ann.”

“Má bhriseann an galar amach arís tar éis na clocha a thógáil chun siúil agus an teach a scríobadh agus a athphlástráil,

Ansin d'fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt: “Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha, ach dísceofar a shliocht go brách.”

Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo, bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.

Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu.

Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, d'fhonn an té lenar liostáil sé a shásamh.

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.

Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh.

Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n‑aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.

Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;

dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n‑ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga.

Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n‑aithne ar ár dTiarna Íosa Críost.

Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.

Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí