Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Peadar 1:17

An Bíobla Naofa 1981

Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

“Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m'aonghrá ar a bhfuil gnaoi m'anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.

Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis.

Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”

Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”

Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!”

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

faoi mar a aithníonn an tAthair mé, agus mar a aithnímse an tAthair. Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.

an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibhse leis: ‘Sin diamhasla agat!’ mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?

Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa.

Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.

ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n‑aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.

“Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m'Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’ ”

Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó.

Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.

Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin, thug sé don Mhac mar an gcéanna beatha a bheith ann féin aige,

Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”

Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.

Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.

ar shlí go mbeidh sibh d'aontoil agus d'aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.

Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, le hAthair gach trócaire agus le Dia an tsóláis uile.

Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:

Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda

beidh grásta agus trócaire agus síocháin i bhfírinne agus i gcarthanacht orainn ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar.

Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d'Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí