Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Peadar 1:12

An Bíobla Naofa 1981

Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Sa tslí sin bhí na hEaglaisí á ndaingniú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá.

Agus mar fhocal scoir, a bhráithre liom, bíodh áthas oraibh sa Tiarna. Níl leisce ar bith orm a bhfuil scríofa cheana agam a scríobh arís chugaibh mar is é bhur leas é.

toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal

Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.

Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.

Sin é an fáth a bhfuilim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort.

Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh.

Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.

Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.

Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.

Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh,

Agus féachfaidh mé chuige go mbeidh ar bhur gcumas, tar éis domsa imeacht, na nithe seo a thabhairt chun cuimhne uair ar bith.

Sí seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon á múscailt agam ionaibh le rabhadh

Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.

Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb'eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.

i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách:

Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost;

A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b'éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.

Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí