Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Eoin 1:4

An Bíobla Naofa 1981

Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.

Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d'iompaíodh sé mórán daoine ón olc.

Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith.

Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise chách: “Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?”

agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.

mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -

Bhí ardáthas orm sa Tiarna gur tháinig athbhláth faoi dheireadh thiar ar an tsuim atá agaibh ionam i gcónaí ach gan aon chaoi agaibh í a thaispeáint.

An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí