Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Croinicí 21:3

An Bíobla Naofa 1981

Bhronn a n‑athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

ach thug Abrahám tabhartais do chlann a leannán chomh maith agus lena linn féin chuir sé chun siúil iad ona mhac Íosác, soir i dtreo na tíre lastoir.

Rinne sé a ghnó go críonna agus scaip sé cuid dá chlann mhac ar fud críocha Iúdá agus Bhiniáimin go léir agus sna cathracha daingne go léir agus thug sé lón go leor dóibh. Ach théadh sé i gcomhairle lena lán déithe de chuid a bhan.

Chuir Rachabám faoi in Iarúsailéim agus thóg sé cathracha daingne in Iúdá.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Má bhronnann an prionsa cuid dá oidhreacht ar a chlann mhac rachaidh an bronntanas i seilbh na mac agus beidh sé acu mar oidhreacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí