Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Croinicí 21:2

An Bíobla Naofa 1981

Bhí [seisear] deartháireacha ag Iahórám, clann mhac Iahóiseáfát: Azairiá, Ichíéil, Zacairiá, Azairiáhú, Míocáéil, Seafaitiá; clann mhac Iahóiseáfát rí Iúdá iadsan go léir.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Chruinnigh sé na sagairt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: “Téigí amach go cathracha Iúdá agus bailigí go leor airgid ó Iosrael go léir ionas go bhféadfaí Teampall bhur nDé a dheisiú ó bhliain go bliain, agus déanaigí é seo go tapa.” Ach rinne na Léivítigh moill.

Ghabh siad amach ar fud Iúdá ag cruinniú na Léivíteach le chéile ó chathracha uile Iúdá agus ag cruinniú cinn finí Iosrael; thángadar go Iarúsailéim.

Ansin d'umhlaigh ceannairí Iúdá agus an rí iad féin agus dúirt: “Is cóir é an Tiarna.”

Níor ceiliúradh Cáisc mar í in Iosrael ó laethanta Shamúéil an fáidh; níor cheiliúir aon rí de chuid Iosrael riamh Cáisc mar í siúd a cheiliúir Ióisíá leis na sagairt agus na Léivítigh agus lena raibh i láthair de Iúdá agus d'Iosrael go léir agus le háitritheoirí Iarúsailéim.

An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael.

Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa chathair, in Iarúsailéim, cé nár cuireadh é i dtuamaí ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.

d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.

Rinne an Tiarna Iúdá a umhlú de bharr Áchaz rí Iosrael mar go ndearna sé faillí ar Iúdá agus feall ar an Tiarna.

Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael.

Nuair a tháinig Iahórám i gcoróin i ndiaidh a athar agus gur dhaingnigh sé a ghreim uirthi, chuir sé a dheartháireacha go léir chun báis le faobhar claímh, agus cuid d'oifigh Iosrael chomh maith leo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí