Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Croinicí 2:9

An Bíobla Naofa 1981

Tabharfaidh mé fiche míle tomhas de chruithneacht mheilte, fiche míle tomhas eorna, fiche míle tomhas fíona agus fiche míle tomhas ola do do shearbhóntaí i mbun na gcrann a leagan - ar son do shearbhóntaí a [chothú] an méid sin.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Agus maidir leis an Teampall seo atá chomh maorga sin anois, cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo don tír agus don Teampall seo?’

Ach cé ar féidir leis teach a thógáil dó ón uair nach féidir leis na flaithis, ná flaithis na bhflaitheas, é a chuimsiú? Agus maidir liomsa, cad chuige a dtógfainnse teach dó ach mar áit ina ndófainn túis os a chomhair?

Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?’

Déanfaidh siad raidhse adhmaid a ullmhú dom, mar is teach ábhalmhór an teach atá le tógáil agam.

D'fhreagair Húrám rí na Tuíre i litir a chuir sé go Solamh: “Le barr grá dá phobal a rinne an Tiarna rí díot ós a gcionn.” Agus lean Húrám air:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí