Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 9:2

An Bíobla Naofa 1981

Mar tá a fhios agam an díograis atá ionaibh faoi agus bím ag déanamh gaisce asaibh le muintir na Macadóine agus ag rá go bhfuil Acháia faoi réir chuige le bliain anuas. Go deimhin féin is í bhur ndíograis-se a spreag a bhformhór eile chun gnímh.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é.

Tar éis mórán blianta, tháinig mé chun déirc a thabhairt do mhuintir mo chine agus ofrálacha a dhéanamh.

Thograigh an Mhacadóin agus Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim.

Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh.

Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.

Cibé mórtas a rinne mé asaibhse leis, níorbh aon chúis náire dom é, ach faoi mar nár labhair mé riamh libhse ach an fhírinne ghlan, an maíomh a rinne mé asaibh le Títeas tháinig sé isteach fíor chomh maith céanna.

Is mór í m'iontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas.

Tá comhairle agam, áfach, le tabhairt daoibh sa ghnó seo, comhairle bhur leasa, mar ní hé amháin gur sibhse na chéad daoine a thosaigh ar an ngnó seo a chur i ngníomh bliain ó shin ach bhí sibh ar na chéad daoine a bheartaigh é.

Tugaigí an gnó chun críche anois agus bígí chomh fonnmhar céanna á chríochnú de réir bhur ngustail agus a bhí sibh á bheartú.

Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d'fhonn ár ndíograis a thaispeáint.

Taispeánaigí, dá bhrí sin, i bhfianaise na n‑eaglaisí go bhfuil grá agaibh dóibh agus nach miste dúinne bheith bródúil asaibh.

Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir dhíograis daoine eile.

sa tslí go raibh sibh mar shampla ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acháia.

Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí