Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.
na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.
Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.
Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n‑anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.
Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.
Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,