Ansin d'éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d'ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m'iompar.
Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach d'fhonn bhur ndílseacht domsa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé.
Agus níorbh é a theacht sin amháin a chuir misneach orainn ach an spreagadh a bhí faighte aige uaibhse chomh maith; thug sé cuntas dom ar a mhéid a bhí sibh ag tnúth liom, ar an mbrón a bhí oraibh agus ar a dhíograisí a bhí sibh dom, rud a chuir go mór le mo lúcháir.
Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.