Gach duine a d'fhéad ofráil airgid nó chré-umha a dhéanamh, thugadar chun an Tiarna iad mar ofráil; agus gach duine dár tharla aige adhmad sitím d'aon tairbhe don obair, thug sé leis é;
na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.
Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d'fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’
An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin.
Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d'fhonn ár ndíograis a thaispeáint.
Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.