Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm?
Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.
Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach d'fhonn bhur ndílseacht domsa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé.
Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.
Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n‑anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.