Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.
Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: “Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.”
Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.” Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú.
“A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”
Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.
Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus d'iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.
Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.
Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.
Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir.
Dúirt Dia leis ansin: “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?” “Is ceart go deimhin,” d'fhreagair Ióna, “is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.”
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
Tá eagla orm nuair a thiocfaidh mé arís go n‑ísleoidh mo Dhia mé os bhur gcomhair agus go mbeidh mé ag mairgneach faoina liacht daoine a rinne peacaí mígheanmnaíochta agus drúise agus collaíochta agus nach ndearna aithrí iontu go fóill.
tá áthas anois orm, ní de chionn go raibh sibhse buartha ach de chionn gur thug an bhuairt chun aithrí sibh. Bhí bhur mbuairt de réir thoil Dé agus dá bhrí sin ní raibh sibh aon ní chun deiridh linne.
Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh d'ainneoin gur iarr sé le deora í.
Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.