Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Corantaigh 6:8

An Bíobla Naofa 1981

bíonn meas orainn agus drochmheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.

agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’

Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”

“Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu á rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”

D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”

Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus d'iarr orthu an chathair a fhágáil.

“Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann,

Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach.

Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl d'eolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.”

Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.

ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu,

Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.

Mar an amhlaidh a “dhéanfaimis an t‑olc chun go dtiocfadh an mhaith as”, teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá a ndaoradh tuillte acu siúd.

Dar Dia dílis ní raibh aon “sea” agus “ní hea” inár dteachtaireacht chugaibhse.

Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as - caint bhuile í seo - tá an maíomh céanna le déanamh agamsa.

Bíodh féin nach raibh mé i mo mhuirín oraibh, bhí mé chomh glic sin, a deir sibh, gur rug mé oraibh le cealg.

Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.

Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar;

Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.

Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.

Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó.

Is méanar daoibh má thugtar aithis daoibh i ngeall ar ainm Chríost, mar go lonnaíonn Spiorad na glóire agus Spiorad Dé oraibh.

Tá dea-theastas ar Dhéimitrias ag gach aon duine agus ag an bhfírinne féin. Tugaimidne teastas freisin air agus is feasach duit gur fíor ár dteastas.

Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí